liberating-the-imagination-image

Fuascailt na Samhlaíochta:

Tábhacht na teanga agus an chultúir don ghníomhaíocht aeráide

Is acmhainn den scoth iad an Ghaeilge agus traidisiúin na hÉireann don inbhuanaitheacht. Go minic bíonn claonadh ann sa ghníomhaíocht aeráide i dtreo an-bhéim a chur ar cheisteanna teicneolaíochta, agus gan dóthain airde a thabhairt ar an mbunathrú sóisialta agus eacnamaíoch atá riachtanach. Is féidir leis an nGaeilge muid a cheangal arís le hómós áite agus leis na féidearthachtaí a chothaíonn an t-ómós sin. D’fhéadfadh an Ghaeilge ár samhlaíocht shóisialta a spreagadh ag tráth seo an ghátair, ó thaobh na haeráide agus na bithéagsúlachta de.

Tharla tionól ag Coláiste Ealaíne Bhoirne i mí Mheán Fómhair 2023 chun cíoradh a dhéanamh ar fhéidearthachtaí na teanga i leith na haeráide. D’fhreastail os cionn 100 duine ar sheimineár gréasáin ina dhiaidh sin, idir Ghaeilgeoirí, daoine gan Gaeilge, daoine thar lear, scoláirí acadúla, stairaithe, ealaíontóirí, filí agus ceoltóirí.

Ba léir ón tionól go bhfuil tuiscint bunaithe ar an talamh agus ar an nádúr mar dhlúthchuid de thraidisiún na hÉireann, ina bhfuil dearcadh ceart ar an gcine daonna agus meas ceart ar mhná. Nochtadh dúinn go dtagann dlúthcheangal leis an dúlra ó chomhfhiosacht dúchais. Faighimid léargas uaidh sin ar na slite inar féidir linn maireachtáil go síochánta leis an domhan mór thart timpeall orainn.

Déanann na leathanaigh seo measúnú ar na rudaí seo a leanas:

  • Dul i ngleic leis an teanga arís, mar bhealach chun tuiscint a fháil ar ár gcaidreamh dúchasach leis an dúlra.
  • Tugann taighde ar logainmneacha agus ar bhéaloideas tuiscint dúinn ar na háiteanna ina gcónaímid agus forbraíonn sé ár gceangal leis an dúlra.
  • Féilte – is féidir linn filleadh arís ar rithim na séasúr trí shuim a mhúscailt sna féilte Ceilteacha agus trí nasc a dhéanamh leis an bhféilire Ceilteach.
  • Naisc le hacmhainní éagsúla.
Liberating the Imagination: The importance of language and culture for climate action

There is great potential in the Irish language and tradition as a resource for sustainability. Our climate action has tended to be dominated by technological concerns to the exclusion of the need for social and economic transformation. Irish can reconnect us with a rich sense of place and its possibilities and ignite our social imagination at a time of urgent climate and biodiversity crises.

This potential was explored at a gathering at the Burren College of Art in September 2023 and in a follow-on webinar attended by over 100 people that included Irish speakers, non-Irish speakers, international participants, academics, historians, artists, poets and musicians.

What became obvious is that the Irish tradition inhabits an earth-based understanding of the world that puts humankind in its proper place and respects the feminine. Native consciousness, we discover, is imbued with a deep connection to and an intuition about living in harmony with the wider world of which we are a part.

These pages look at:

  • Re-engaging with the language as a means of understanding our indigenous relationship to the natural world.
  • Researching place names and folklore can give us a deeper understanding of the places where we live and expand our connection to nature.
  • Féilte – how we can realign ourselves to the seasons by rekindling the Celtic festivals and connection to the Celtic calendar.
  • Extensive resource links.
Ag Fuascailt na Samhlaíochta – tábhacht na Gaeilge agus an cultúir i leith na gníomhaíochta aeráide.


Déantar nasc sa seimineár gréasáin seo idir cainteoirí Gaeilge, ealaíontóirí, filí, ceoltóirí agus staraithe. Spreagtar iad chun fiosrú a dhéanamh ar an tslí ar féidir leis an nGaeilge, logainmneacha agus na healaíona cur go mór le gníomhaíocht phobalbhunaithe ar son na haeráide. Curtha i láthair ag Martin Hawkes (Burren College of Art) agus Peadar Kirby (Éiceaphobal Chloch Shiurdáin), le Finola Ó Siochrú, Tanya DePaor agus Declan Kelleher mar aoichainteoirí. Is seimineár gréasáin dátheangach gan fotheidil é seo – tugtar cuireadh dúinn scaoileadh linn féin agus ligean dúinn féin an teanga a bhrath ar shlí dhifriúil, fiú mura dtuigimid gach uile fhocal. Taifeadta 9ú Feabhra 2024

 

Liberating the Imagination – the importance of the Irish language and culture for climate action

This webinar brings together Irish speakers, artists, poets, musicians and historians to inspire and explore how Irish language, place names and the arts can contribute to community climate action. Hosted by Martin Hawkes (Burren College of Art) and Peadar Kirby (Cloughjordan Ecovillage) featuring Finola Ó Siochrú, Tanya DePaor and Declan Kelleher. The webinar is bilingual without subtitles – inviting us to let go of not understanding every word and experience the language in a different way. Recorded 9th February 2024

Michael Cronin: ‘Riachtanas na Gaeilge sa don ghníomhaíocht aeráide’


Is ollamh i gColáiste na Tríonóide é Michael Cronin; is saineolaí é ar chúrsaí aistriúcháin, cultúr, taisteal agus an Ghaeilge. Is é údar an leabhair Irish and Ecology / An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht é. San fhíseán gearr seo, pléann sé na fáthanna a gceapann sé gur gné riachtanach í an Ghaeilge i leith ghníomhaíocht ar son na haeráide in Éirinn.

Comhrá i nGaeilge le fotheidil Bhéarla

Michael Cronin: ‘The necessity of Irish for climate action’

Michael Cronin is a Trinity College professor and Irish academic specialising in translation studies, culture, travel literature, and the Irish language. He is the author of Irish and Ecology / An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht. In this short video he discusses why he considers the Irish Language a necessary part of Ireland’s climate response.

Conversation in Irish with English subtitles

Liam Mac Cóil: ‘An Ghaeilge mar theanga éiceolaíoch’

Is úrscéalaí, criticeoir agus scríbhneoir aistí Gaeilge é Liam Mac Cóil. San fhíseán seo, míníonn sé an tslí a gcabhraíonn gramadach agus comhréir uathúil na Gaeilge le daoine léargas difriúil a fháil ar an domhan.

Comhrá i nGaeilge le fotheidil Bhéarla

Liam Mac Cóil: ‘Irish as an ecological language’

Liam Mac Cóil is an Irish language novelist, a critic, and an essayist. In this video he explains how the unique grammar and syntax of Irish helps speakers perceive the world differently.

Conversation in Irish with English subtitles

Máirin Nic Eoin: ‘An timpeallacht i litríocht na Gaeilge’


Tá Máirín Nic Eoin ina hOllamh Emerita le Gaeilge i Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. San fhíseán seo, pléann sí an tslí a mbíonn dlúthcheangal le brath leis an dúlra agus le hómós áite i litríocht agus filíocht na Gaeilge. Comhrá i nGaeilge le fotheidil Bhéarla

Máirin Nic Eoin: ‘The environment in Irish-language literature’

Máirin Nic Eoin is Professor Emeritus of Irish at DCU. In this video she discusses how nature connection and a sense of place features in Irish language literature and poetry. Conversation in Irish with English subtitles.

 

Aengus Ó Fionnagáin: An ról atá ag logainmneacha sa ghníomhaíocht aeráide

Is léachtóir le Teanga agus Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh é Aengus Ó Fionnagáin. San fhíseán seo, labhraíonn sé faoina chuid oibre le pobail éagsúla agus an nasc a mbíonn acu leis na logainmneacha áitiúla timpeall orthu.

Comhrá i nGaeilge le fotheidil Bhéarla

Aengus Ó Fionnagáin: Place names and their contribution to climate action

Aengus Ó Fionnagáin is a lecturer in Irish Language and Literature in the University of Limerick. In this video he discusses his work with communities and their connection to place names. Conversation in Irish with English subtitles

Athfhoghlaim na Teanga
Re-engaging with the Language
Elephant at sunset

Impleacht amháin a bhí ag an gcailliúint teanga ná cailliúint an naisc leis an dúlra agus leis an gceantar dúchais féin. Chomh maith leis sin, airíonn roinnt daoine náire, doicheall agus easnamh i leith na teanga. Cuireann sé sin isteach orthu agus ní ghlacann siad páirt iomlán i saol na teanga agus gach a thairgeann sí dúinn. Tá bunús casta bainteach leis an tráma seo, agus léirítear é i slite éagsúla. Go minic ní thuigimid doimhneacht an tráma seo. An chéad chéim chun leigheas a fháil air seo ná a admháil gur fíor-thráma atá ann.

Is féidir leigheas atá nasctha go domhain leis an traidisiún dúchais a lorg ar an tráma sin. Cur chuige amháin ná cian-éisteacht leis an tráma sin i gcomhthéacs grúpa treoraithe. Cur chuige eile ná a bheith stuama i do chorp agus sa nádúr, agus dearcadh éiceolaíoch a bheith agat ar an domhan. Más féidir ceangal a chruthú arís linn féin, lena chéile, leis an nádúr agus lenár gceantar dúchais, is céim thábhachtach é sin chun an náire a athrú ó bhun agus an tráma a athrú go dtí flúirse. Is féidir nasc a dhéanamh leis an dúchas ionainn féin trínár súile agus ár gcluasa a oscailt do na logainmneacha agus an béaloideas thart timpeall orainn.

An chéad chéim eile ná fiosracht a chothú faoin teanga, agus an saibhreas atá inti, chomh maith leis an buancheangal atá aici leis an saol dúchais. Is féidir inspioráid a fháil faoi seo ó leabhair Mhanchán Magan.

Caithfimid scaoileadh le coincheap na Gaeilge foirfe. Síleann roinnt Éireannaigh gur chóir dúinn a bheith go hiomlán líofa sa Ghaeilge toisc go bhfuil staidéar déanta againn uirthi ar scoil, ach tá luach faoi leith ag baint leis an nGaeilge bhriste. Tugann sí bealach isteach dúinn ar shaibhreas na teanga.

Cur chuige a d’úsáideamar sa togra seo ná áiteanna a chur ar fáil inar féidir le grúpaí an Ghaeilge, an Béarla agus meascán den dá theanga a labhairt. Cruthaíonn sé seo dátheangachas nua; is é sin cur chuige maith go leor, ina gcuirtear fáilte roimh gach leibhéal líofachta. Is sampla é an seimineár gréasáin Fuascailt na Samhlaíochta den chur chuige seo. Tá sé in am dúinn an dátheangachas a normalú agus an Ghaeilge a thabhairt isteach sa chomhrá go nádúrtha. Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge sofheicthe agus cuimsitheach, agus go bhfáilteodh muintir na teanga an tsaoirse a tugadh mar eiseamláir sa seimineár gréasáin.

The impact of the loss of Irish has been a loss of connection to nature and place. Moreover, many experience a sense of shame, resentment and a sense that something is missing around the language which gets in the way of fully embracing it and all that it offers. This trauma has complex origins and can manifest in many different ways and often we don’t even realise the depth of it. Acknowledging that there is legitimate trauma is the first step in healing it.

Facilitated group sharing process with deep listening can allow healing of trauma linked to the native tradition. Approaches grounded in the body and nature can also help as can an ecological world-view. Reconnecting to self, each other, nature and place are all part of a process of transforming shame and trauma to abundance. Opening our eyes and ears to the placenames and folklore around us help link to what is native in ourselves.

The next step can be to foster a curiosity about the language, its richness and deep connection to the Irish indigenous experience. Manchán Magan‘s books are an inspirational resource.

We need to let go of perfectionism in relation to Irish. Many Irish people feel that because we spent all of our school years studying Irish that we should be fluent, but imperfect Irish can be hugely valuable, allowing us to access the richness of the language.

An approach we used in this project was to facilitate spaces where groups could speak Irish, English and a combination of the two, creating a new bilingualism; a good enough approach where all levels of fluency are embraced. The webinar recording Liberating the Imagination is an example of this approach. It’s time to normalise bilingualism and to bring Irish into conversation naturally. It needs to be visible, inclusive and embrace the kind of freedom the webinar modelled.

Logainmneacha agus Béaloideas
Placenames and Folklore
Elephant at sunset
Image credit: Liam Jones Cumann Forbartha Phobal Chill Iníne Baoith

Is féidir an ceangal áitiúil a mbíonn ag daoine a threisiú go héasca agus go héifeachtach trí fhiosrú a dhéanamh ar bhunús logainmneacha áitiúla. Spreagann sé muid chun aire a thabhairt dár n-áit dúchais agus chun an áit sin a chosaint níos fearr.

San am atá thart, bhíodh ainm ag beagnach gach gné den tírdhreach, ainm a chaomhnaigh stair, cúlra agus spiorad na háite. Tá cuimse eolais áitiúil le fáil trí na logainmneacha sin. Go minic, is i gcuimhne sheandaoine an phobail a mbíonn an t-eolas seo. Trí chomhráite leo, is féidir saibhreas agus tuiscint a chothú idir na glúnta.

Tá castacht le fáil i roinnt logainmneacha chomh maith, a chuimsíonn stair, tíreolaíocht agus polaitíocht na háite. Uaireanta cailltear brí na háite i logainm Béarla atá caomhnaithe sa leagan Gaeilge – mar shampla Nassau St i mBaile Átha Cliath. Leagan Gaeilge air seo ná Sráid Thobar Phádraig. Scriosann an t-ainm Béarla stair na háite a bhí san ainm Gaeilge. Má tá an t-ainm stairiúil Gaeilge ar eolas againn, is féidir linn tuiscint shaibhir a fháil ar stair na háite.

Cailleadh agus ceileadh an-chuid eolais nuair a aistríodh logainmneacha na tíre de réir na foghraíochta ag an tSuirbhéireacht Ordanáis idir 1824-46. Is aistear i dtreo na tuisceana é nuair a fhaighimid amach fíorbhrí na logainmneacha sin arís. Mar shampla, tugtar Clohanes ar áit i gCo. an Chláir, ach is Na Clocháin an fíorlogainm atá air. Is iad sin na clocha thar uisce reatha a d’úsáid daoine chun an bainne a thabhairt ó thaobh amháin go dtí an taobh eile. Tá eolas i bhfolach sa logainm faoi scéal an cheantair agus an tslí inar chaith daoine a saol san áit sin.

Slí iontach chun logainmneacha a fhiosrú ná tríd an gclár Heritage Keepers a seoladh ag Burrenbeo Trust. Is clár saor in aisce é seo do scoileanna, grúpaí óige nó pobail áitiúla. Spreagann sé iad chun timpeallacht thógtha, timpeallacht nádúrtha agus oidhreacht chultúrtha a n-áit dúchais a iniúchadh, agus chun plean gníomhaíochta a chur le chéile chun an áit sin a fheabhsú.

Exploring the origin of placenames is a simple and very effective way to deepen our connection with the place where we live, encouraging us to care more about our locality and protect it.

Historically, practically every landscape feature had a name that held its history and uniqueness and brought it to life. We can access a wealth of knowledge through those placenames. Often this knowledge is held in the memories of the older members of the community and the conversations with them can bring a richness, texture and understanding between generations.

There is also complexity in many place names incorporating history, geography and politics. Sometimes the Irish version of a place name opens up meaning which was lost in the unrelated English version – for example Nassau St in Dublin, whose Irish rendition is Tobar Phádraigh/Patrick’s Well. The English name erases the history of the place contained in the original name. Exploring its original name opens up a wealth of historical understanding.

Rediscovering the origins of place names, many of them lost or obscured in the phonetic translation by the Ordnance Survey of 1824 – 46, is a voyage of rediscovery and understanding of where we are and who we are. For example Clohanes / Na Clocháin in County Clare which refers to stepping stones across running water which was used to haul pails of milk. The story of the place and how humans have interacted with it is hidden in its name.

A great way to explore placenames is through the Heritage Keepers programme launched by the Burrenbeo Trust. It’s a free programme for schools, youth groups or communities that will enable them to explore the built, natural, and cultural heritage of their local place and then plan an action or actions to enhance their place.

Elephant at sunset
Image Credit: Carrickahawna Logainm.ie

Is féidir eolas a fháil ar an suíomh gréasáin Logainm.ie trí léarscáileanna agus acmhainní ón gcartlann atá nasctha leis na logainmneacha. Tá cuid den suíomh gréasáin dírithe ar acmhainní taighde, mar shampla, léarscáileanna stairiúla, gluais d’ainmneacha coitianta a bhíonn mar chuid de logainmneacha go minic, agus go leor eile.

Mar shampla, má fhéachann tú sa chuid den suíomh Téamaí faoi thrácht, tá iontráil ag tagairt don áit Carrickhawna i gCo. Shligigh, feicfidh tú an t-eolas seo a leanas faoi shanasaíocht an ainm Samhain:

‘Ag teannadh dúinn le deireadh ráithe an fhómhair, is gearr uainn Samhain “haloween”, an fhéile Ghaelach óna n-ainmnítear, Mí na Samhna. Níl Samhain chomh coitianta sin ar chor ar bith in ainmneacha na mbailte fearainn, ach is díol spéise sampla amháin, Carrickhawna/Carraig Shamhna i Sligeach’. Breacadh nóta sa bhliain 1838 in Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireachta Ordanáis ina luaitear maidir leis an ionad seo (cnoc): “A little before November the old men used to assemble here to settle their little affairs for the ensuing half year”. Tá cosúlacht idir sin agus seanghnás na nGael anallód aonach a thionól ar thaobh cnoic, faoi mar a thuairiscítear in Discourse on the mere Irish of Ireland, ó dheireadh an séú céad déag nó tús an seachtú céad déag.’ Tugann an téacs seo cur síos dúinn ar nós seo na sléibhte! Chomh maith leis seo, tá léarscáileanna de Charraig Shamhna le fáil.

Don díograiseoir, is féidir a bheith mar bhall den Chumann le Béaloideas Éireann ag bealoideas.ie. Bíonn comhdhálacha rialta acu a fhiosraíonn saincheisteanna logainmneacha.

The website Logainm.ie provides information directly through maps and archival records. It has a dedicated resources section where we can access historical maps, a glossary section on common words in Irish placenames plus lots more.

For example, in commenting on the name Carrickhawna (‘the rock of Halloween’) in Co Sligo, Logainm.ie provides the following elaboration on the etymology of Halloween in its Featured Themes section:

‘Moving toward the end of September we approach the Gaelic festival of Samhain “haloween” from which the Irish name for November is derived, Mí na Samhna “the month of haloween”. Samhain is not particularly common in townland names, but one particularly interesting name is Carrickhawna/Carraig Shamhna “(the) rock of Halloween” in Sligo . A note in the Ordnance Survey Parish Name Book from 1838 concerning this location (a hill) observed that: “A little before November the old men used to assemble here to settle their little affairs for the ensuing half year”. This is reminiscent of the native Irish custom of holding assemblies on hillsides recounted in a late sixteenth or early seventeenth century Discourse on the mere Irish of Ireland.’ The text goes on to recount fascinating commentary on the practice of holding meetings of all kinds on hillsides! The material is also accompanied by maps of Carrickhawna.

For the true enthusiast there is Béaloideas.ie a membership organisation that hosts regular conferences to explore issues to do with place names.

Elephant at sunset
(Image Credit: Hugh Pocock)

Is féidir cóid QR a úsáid go héifeachtach chun nasc a dhéanamh idir ceantar faoi leith agus na logainmneacha agus an béaloideas a bhaineann leis an gceantar sin. Is féidir daoine a mhealladh chun tuiscint agus ómós a fháil ar an gceantar trí shiúlóidí a úsáideann cóid QR.

 

QR codes can be effectively used to link information on place names and folklore to a location. A walking trail with QR codes along the way can really engage people in understanding and appreciating the uniqueness of a place.

Féilte
Festivals
Elephant at sunset
Image Credit: Dolores Whelan

Tá na féilte dúchasacha bunaithe ar nádúr gach séasúir – ciúnas an gheimhridh, múscailt an earraigh, bláthú an tsamhraidh agus baint an fhómhair. Is slí iontach iad na féilte chun teagmháil iontaofa a dhéanamh le rithim nádúrtha na bliana agus chun freagra a thabhairt ar an dúshlán a thugtar dúinn a bheith ar aon spiorad leis an domhan.

Tá an féilire Ceilteach ar a laghad 3,000 bliain d’aois. Déanann sé nasc idir imeacht na haimsire agus séasúir an domhain nádúrtha, a bhfuil rialaithe ag an ngaol atá acu leis an ngrian agus an ghealach. Rianaíonn an féilire na hocht bhféile agus séasúir a tharlaíonn le linn na bliana: na ceithre fhéile talmhaíochta – Samhain, Imbolc, Bealtaine agus Lúnasa; chomh maith leis sin, grianstadanna an gheimhridh agus an tsamhraidh, agus cónochtaí an earraigh agus an fhómhair.

Ceiliúrtar gach féile talmhaíochta mar shaoire náisiúnta na laethanta seo. Cuireadh Imbolc, féile Bríde ag tús mhí Feabhra, leis na saoirí sin le déanaí. Nuair a cheiliúraimid na féilte nádúrtha seo, is féidir linn athcheangal pearsanta a dhéanamh le feasacht dúchais an domhain, agus tagaimid chun tuiscint gur neach beo é.

Tá dáimh dhomhain ag Dolores Whelan leis seo. Tá féilire síoraí Ceilteach deartha aici, agus cuireann an féilire machnaimh éagsúla ar fáil le himeacht na bliana.

 

Native festivals are based on the call of each passing season – the stillness of Winter, the awakening of Spring, the flowering of Summer and the harvesting of Autumn – and they are a great opportunity to engage with the natural rhythms of the year, a call to live more in tune with the earth.

The Celtic calendar is at least 3,000 years old linking the passage of time with the changing seasons of the natural world as they are governed by their relationship with the sun and moon. The calendar marks the eight festivals and seasons of the year: the four agricultural festivals of Samhain, Imbolc, Bealtaine and Lughnasa, together with the Winter and Summer solstices and Spring and Autumn equinoxes.

The four agricultural festivals are all now marked as national holidays following the addition of Imbolc, Bridget’s festival, at the beginning of February. Celebrating these earth-based festivals helps us to reconnect with a more indigenous awareness of the earth as a living being.

One person who resonates with this more deeply than most is Dolores Whelan. Her Perpetual Celtic Calendar provides meditations to accompany the unfolding of the year.

Feilte
Image Credit: JustMultiMedia

Is féidir le pobail dhifriúla, idir bheag agus mhór, na féilte Ceilteacha a cheiliúradh, agus ní gá go mbeadh siad costasach. Tagaimid le chéile ag amanna faoi leith mar seo, agus braithimid mar chuid de roth mór an tsaoil. Agus tá an teacht le chéile seo níos tábhachtaí ná é a dhéanamh ‘i gceart’.

Níl gach gnás stairiúil oiriúnach don lá atá inniu ann ar ndóigh. Mar shampla tá traidisiún ann ina raibh lánúin nuaphósta ag léim thar thine chnámh chun torthúlacht a fheabhsú. Ach is féidir deasghnáth a athrú agus an nasc stairiúil a choinneáil, mar shampla is féidir cuspóirí a scríobh ar phíosa páipéir agus iad a dhó sa tine chun iad a scaoileadh saor. Is féidir traidisiúin nua a chruthú chomh maith, chun cur le saibhreas agus éagsúlacht an cheiliúrtha. B’fhéidir go mbeadh smaointe ag daoine ó chúltúir eile atá ina gcónaí sa phobal áitiúil. Is féidir cabhrú leo muintearas a aimsiú le hÉirinn.

Téigh i ngleic leis an gceangal idir tráth na bliana agus an dúlra, agus an ceangal atá againn féin leis an dúlra. Cén tábhacht a bhí leis an bhféile san am atá caite, agus cén tábhacht atá leis sa lá atá inniu ann? Conas is féidir le traidisiúin nua na rudaí atá de dhíth orainn a chur in iúl – cosúil le léiriú ar dhóchas nó ar bhuíochas.

Is ceangal saibhir é bia traidisiúnta na bhféilte leis an am atá thart agus le tréimhse sin na bliana. Bhí na traidisiúin bunaithe ar na rudaí a bhí ar fáil nó a bhí flúirseach nó a bhí gann. Gné eile ná cén barr nó acmhainn a bhí le baint nó le caomhnú – cosúil le cístí torthaí agus cáiseanna don Nollaig. Cén saghas traidisiúin bia nua ar féidir a chruthú leis na hacmhainní atá ar fáil anois? An féidir é a chothú i slite cruthaitheacha trí oidis a roinnt nó blaiseadh bia a eagrú?

 

The traditions for these celebrations vary across the country and researching them can be a community exercise that connects us with our past and our elders – ask your grandparents or neighbours what they remember. Collecting those stories can be a fascinating window into your locality and history. This can be represented in children’s artwork that forms part of the celebration.

Not all of the historical practices are appropriate for modern times – there is a tradition of newlyweds jumping over a bonfire at Bealtaine to increase fertility – but they can be modified to maintain the connection with the past – writing intentions on paper and burning them in a fire to release them for example. New traditions can also evolve or be created, adding to the richness and diversity of the celebrations. What can people from other cultures in your community contribute? Help them feel a sense of belonging.

Explore what the time of the year means to the natural world and our place in it. What did the festival mark in the past and what does it mark now? How can the new traditions fulfill the needs that the old traditions did – like expressions of hope or gratitude.

Traditional foods for the festivals are also a rich source of connection with the past and the time of year. Traditions were based on what was available, abundant, scarce or had to be saved or preserved – like fruit cakes and cheeses for Christmas. What new food traditions can be created with what is available? Can this be fostered in creative ways with recipe sharing or food tastings?

Online language and cultural resources

Here you will find a list of resources that could be useful for your group as a model or an inspiration for a local activity.

  • Geohive: www.geohive.ie
    Irish National Geospatial Data Hub. This site contains valuable historical maps, as well as contemporary images. Search for your own home and locality and see what changes have happened over the last two hundred years.
  • Flora Chois Fharraige: Flóra Chois Fharraige – Flóra Chois Fharraige (florachoisfharraige.ie).
    A wonderful source of information about plants and habitats in the Cois Fharraige region of Connemara. A wealth of vocabulary with excellent visuals.
  • TG4 Player: www.tg4.ie/ga.
    Keep an eye out for interesting material on TG4 Player: films and television series (with subtitles). Regularly featuring material related to the environment, wildlife and sustainability issues (for example Garraí Glas, Planda go Pláta, An Cósta Thiar, Ainmhithe na hÉireann).
  • These are resources that can be used for individual learning, but a group could explore them together and devise group learning strategies around them. They are all freely available on an open-access basis and are used by learners of Irish and by the language community worldwide.
  • Teanglann: www.teanglann.ie/en. Open-access online Dictionary and Language Library. A wonderful language resource for people at every competence level.
  • Foclóir: www.focloir.ie. Foras na Gaeilge’s new open-access online English-Irish Dictionary, also available as an App. Plenty of examples of everyday language usage.
  • Téarma: www.tearma.ie. The National Terminology Database for Irish. Official terms in a wide range of knowledge and policy fields, including the environmental sciences.
  • VIFAX: vifax.maynoothuniversity.ie. Multimedia teaching and learning resource, based on news items from TG4. Created in Maynooth University and directed at post-primary students, but suitable also for adult learners. New material available each Thursday during the school term.
  • CLILStore: clilstore.eu/clilstore. A wonderful multilingual international resource, with exciting sound and video items, together with scripts and live links to a range of dictionary sources. The material is organised at various levels of the Common European Framework of Reference (CEFR) for Language Learning (A1 = beginner > C2 the highest level of competence. Higher Level Leaving Cert standard would normally map on to B1 or B2). Choose Gaeilge and search for interesting material at your level. CLIL = Content and Language Integrated Learning.
  • Ainm: www.ainm.ie. The National Database of Irish-language Biographies. Based on the research of Diarmuid Breathnach and Máire Ní Mhurchú for the Beathaisnéis series of books, new biographies are being added all the time. The people represented in the database were all active in different ways in the world of the Irish language, and many of them also feature in the DIB (Dictionary of Irish Biography) database, available on line at: www.dib.ie. Use the search-function of the database, and see if there is anyone from your district or anyone related to you amongst them.
  • Gaois: www.gaois.ie/en. Gaois is a research group in Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, that is developing innovative resources to support the Irish language and its heritage. The site brings together a range of specialist projects. It is well worth keeping an eye on this site.
  • Irish language and heritage coursesIf an individual or a group wish to do a course, there are a number of options: a course in a Gaeltacht district, an online or face-to-face course with an organisation that caters for adult learners, or a course found locally through the Gaelscoil network or through an organisation active in the region. Here are some useful contacts.
  • Oideas Gael: www.oideas-gael.com
    Popular Irish language courses and cultural activity holidays for adults in Glencolumcille, Co. Donegal.
  • www.oidhreacht.ie Irish language, heritage and activity courses for adults in the West Kerry Gaeltacht.
  • As part of Galway University , www.acadamh.ie/acadamh/cursai the courses offered by Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge are mainly directed at the university sector, but it is worth enquiring about courses that would be suitable for adult learners.
  • Gaelchultúr: www.gaelchultur.com Provider of Irish-language courses for adult learners at various ability levels.
  • Ranganna.com: www.ranganna.com Information about Irish Language courses.
  • Gaelteanga: www.gaelteanga.com Provider of Irish-language courses for adult learners at various ability levels.
  • Gael Linn: www.gael-linn.ie A support organisation for Irish in the education system (especially at second and third level) and amongst the general public. Organisers of the ‘Gaelbhratach’ scheme for the use of Irish in secondary schools and of Irish-language classes for adult learners.
  • Placenames and Folklore
  • Irish Placenames Database. www.logainm.ie/en A wonderful resource for local research. Additional material being added to the site all the time (maps, information about placename elements, teaching and learning materials, and archive sources, results of ongoing research on minor local placenames).
    CLIL = Content and Language Integrated Learning
  • National Folklore Collection (UCD) Digitization Project. www.duchas.ie/en This site contains folklore material from all over the country, and is being added to all the time as the National Folklore Collection is being digitized. Search for a place, a person or a subject and see what comes up from the well of traditional material.
  • The Doegen Records Web Project. doegen.ie
    This is a searchable archive of sound recordings made during 1928-31. It contains folktales, songs and other material recited by native Irish speakers from 17 counties. It contains precious examples of dialects of Irish that are now extinct.
  • There are also many festivals throughout the country that promote the Irish language, culture and heritage.
  • Oireachtas na Gaeilge: www.antoireachtas.ie
    Major annual Irish-language festival, featuring music, song, dance, storytelling, drama and literature.
  • IMRAM: imram.ie
    Irish-language literature festival. Keep a look out for this literary festival, whose multi-media shows have been very popular. A great way to get a flavour of contemporary writing in Irish.
  • Seachtain na Gaeilge: snag.ie
    Annual celebration of the Irish language, co-ordinated by Conradh na Gaeilge, with activities organised by local groups nationwide.
  • Féile Bheag Filíochta: feilebheagfiliochta.com
    Bilingual poetry festival in Ballyferriter, Co. Kerry. Workshops, readings, discussions, concerts and informal poetry and song sessions.
Acmhainní teanga agus cultúir ar líne

Is éard atá anseo ná liosta d’acmhainní a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do do ghrúpa mar mhúnla nó mar spreagadh do ghníomhaíocht áitiúil.

  • Geohive: ga.geohive.ie
    Mol Náisiúnta Sonraí Geospásúla na hÉireann. Tá mapaí stairiúla luachmhara le fáil ar an suíomh seo, chomh maith le híomhánna comhaimseartha. Cuardaigh do bhaile agus do cheantar féin agus féach ar na hathruithe atá tarlaithe le dhá chéad bliain anuas.
  • Flora Chois Fharraige: Flóra Chois Fharraige – Flóra Chois Fharraige (florachoisfharraige.ie).
    Suíomh iontach eolais faoi phlandaí agus faoi ghnáthóga i gceantar Chois Fharraige i gConamara. Mórshaibhreas foclóra agus pictiúir den scoth.
  • Seinnteoir TG4: www.tg4.ie/ga.
    Bí ag faire amach d’ábhar spéisiúil ar Seinnteoir TG4: scannáin agus sraitheanna teilifíse (le fotheidil). Ábhar ann go rialta a bhaineann leis an timpeallacht agus le cúrsaí fiadhúlra agus inbhuanaitheachta (mar shampla Garraí Glas, Planda go Pláta, An Cósta Thiar, Ainmhithe na hÉireann)
  • Is acmhainní iad seo ar féidir iad a úsáid don fhoghlaim indibhidiúil, ach d’fhéadfadh grúpa féachaint orthu le chéile agus straitéisí foghlama grúpa a bhunú orthu. Tá siad ar fad ar fáil ar bhonn saor-rochtana agus tá siad in úsáid ag foghlaimeoirí Gaeilge agus ag pobal na teanga ar fud an domhain.
  • Teanglann: www.teanglann.ie/en. Leabharlann Foclóireachta agus Teanga ar fáil ar líne ar bhonn saor-rochtana. Acmhainn iontach teanga do dhaoine ag gach leibhéal cumais.
  • Foclóir: www.focloir.ie. Foclóir nua Béarla-Gaeilge Fhoras na Gaeilge, ar fáil ar líne ar bhonn saor-rochtana agus ar fáil mar Aip freisin. Go leor samplaí de ghnáthúsáid na teanga.
  • Téarma: www.tearma.ie. An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. Téarmaí oifigiúla in iliomad réimsí eolais agus polasaí, na heolaíochtaí comhshaoil san áireamh.
  • VIFAX: vifax.maynoothuniversity.ie. Acmhainn ilmheáin foghlama agus teagaisc bunaithe ar mhíreanna nuachta ó TG4. Cruthaithe in Ollscoil Mhá Nuad agus dírithe ar fhoghlaimeoirí meánscoile go háirithe, tá na hacmhainní oiriúnach freisin d’fhoghlaimeoirí lánfhásta. Ábhar nua gach Déardaoin i rith an téarma scoile.
  • CLILStore: clilstore.eu/clilstore. Acmhainn iontach ilteangach idirnáisiúnta, le míreanna spreagúla fuaime agus físe, scripteanna den ábhar agus nasc beo le foinsí éagsúla foclóra. An t-ábhar eagraithe ag leibhéil éagsúla den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE) d’Fhoghlaim Teangacha (A1 = tosaitheoir > C2 = an leibhéal is airde cumais. Ba ghnách do chaighdeán onóracha san Ardteistiméireacht a bheith comhionann le B1 nó B2.). Roghnaigh Gaeilge agus cuardaigh ábhar suimiúil ag do leibhéal féin. FCÁT = CLIL (FCÁT sa Ghaeilge) = Content and Language Integrated Learning (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga).
  • Ainm: www.ainm.ie. An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. Bunaithe ar an taighde a rinne Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú don tsraith leabhar Beathaisnéis, táthar ag cur leis na beathaisnéisí an t-am ar fad. Daoine a bhí gníomhach ar bhealaí éagsúla i saol na Gaeilge atá i gceist sa bhunachar, agus tá beathaisnéisí cuid mhaith díobh le fáil freisin sa bhunachar DIB (Dictionary of Irish Biography) atá ar fáil ar líne ag: www.dib.ie. Bain triail as feidhm inchuardaithe an bhunachair, féachaint an bhfuil aon duine ó do cheantar féin nó aon duine atá gaolmhar leat ina measc.
  • Gaois: www.gaois.ie/ga. Is grúpa taighde éá Gaois in Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, atá dírithe ar acmhainní nuálaíocha a fhorbairt chun teanga agus saíocht na Gaeilge a chothú. Tugann an suíomh seo raon tionscnamh speisialta le chéile. Is fiú go mór súil a choinneáil ar an suíomh seo.
  • Cúrsaí Gaeilge agus oidhreachtaMás mian le duine nó le grúpa cúrsa teanga a dhéanamh, tá roinnt roghanna: cúrsa i gceantar Gaeltachta, cúrsa ar líne nó beo le heagraíocht a bhíonn ag díriú ar fhoghlaimeoirí fásta, nó cúrsa a chuardach go háitiúil, trí ghréasán na nGaelscoileanna nó trí eagraíocht teanga sa cheantar. Seo roinnt teagmhálacha úsáideacha.
  • Oideas Gael: www.oideas-gael.com. Cúrsaí Gaeilge agus laethanta saoire bunaithe ar imeachtaí cultúrtha do dhaoine fásta, i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall.
  • Oidhreacht Chorca Dhuibhne: www.oidhreacht.ie. Cúrsaí teanga, oidhreachta agus gníomhaíochta do dhaoine fásta i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
  • Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge: www.acadamh.ie/acadamh/cursai. Mar chuid d’Ollscoil na Gaillimhe, bíonn cúrsaí an Acadaimh dírithe go háirithe ar earnáil na hollscolaíochta, ach is fiú fiosrú a dhéanamh faoi chúrsaí Gaeilge a bheadh oiriúnach do fhoghlaimeoirí fásta.
  • Gaelchultúr: www.gaelchultur.com. Soláthróir cúrsaí Gaeilge do fhoghlaimeoirí fásta ag leibhéil éagsúla chumais.
  • Ranganna.com: www.ranganna.com. Eolas faoi ranganna Gaeilge
  • Gaelteanga: www.gaelteanga.com. Soláthróir cúrsaí Gaeilge do fhoghlaimeoirí fásta ag leibhéil éagsúla chumais.
  • Gael Linn: www.gael-linn.ie. Eagraíocht tacaíochta don Ghaeilge sa chóras oideachais (go háirithe ag an dara agus an tríú leibhéal) agus i measc an phobail. Is iad a eagraíonn an scéim ‘Gaelbhratach’ sna meánscoileanna agus cuireann siad ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta.
  • Logainmneacha agus Béaloideas
  • Bunachar Logainmneacha na hÉireann. www.logainm.ie/ga Acmhainn iontach don taighde áitiúil. Tá ábhar á chur leis an suíomh an t-am ar fad (léarscáileanna, nótaí eolais faoi mhíreanna logainmneacha, ábhar foghlama agus teagaisc, foinsí cartlainne, torthaí taighde leanúnaigh ar mhionlogainmneacha áitiúla).
    FCÁT = Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga
  • Tionscadal Digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann (UCD). www.duchas.ie/ga Tá ábhar béaloidis ó cheann ceann na tíre ar fáil ar an suíomh iontach seo, atá á fhorbairt i gcónaí de réir mar atá ábhar ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann á dhigitiú. Cuardaigh áit nó duine nó ábhar agus féach cad a thiocfaidh aníos ó thobar an dúchais.
  • Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen. doegen.ie
    Is é atá sa chartlann seo bailiúchán inchuardaithe de thaifeadtaí Gaeilge a rinneadh sna blianta 1928-31. Tá scéalta, amhráin agus ábhar eile le fáil anseo ó chainteoirí dúchais Gaeilge ó 17 contae. Tá samplaí fíorluachmhara anseo de chanúintí atá imithe i léig ar fad ón uair a rinneadh na taifeadtaí.
  • Chomh maith leis seo, tá go leor féilte thart timpeall na tíre a chuireann an Ghaeilge, an cultúr agus an oidhreacht chun cinn.
  • Oireachtas na Gaeilge: www.antoireachtas.ie
    Mórfhéile bhliantúil na Gaeilge, le himeachtaí ceoil, amhránaíochta, damhsa, scéalaíochta, drámaíochta agus litríochta.
  • IMRAM: imram.ie
    Féile litríochta Gaeilge. Bí ag faire amach don fhéile seo a bhfuil cáil ar leith ar a cuid seónna ilmheáin. Bealach iontach le blaiseadh a fháil ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge.
  • Seachtain na Gaeilge: snag.ie
    Ceiliúradh bliantúil ar an nGaeilge, á chomhordú ag Conradh na Gaeilge, le himeachtaí á n-eagrú ag grúpaí áitiúla ar fud na tíre.
  • Féile Bheag Filíochta: feilebheagfiliochta.com
    Féile dhátheangach filíochta i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí. Ceardlanna, léamha, seisiúin phlé, ceolchoirmeacha agus seisiúin neamhfhoirmiúla filíochta agus amhránaíochta.